Ceiliúradh na nUltach ar Raidió na Gaeltachta


Cloisfear míreanna ó choirm cheoil RnaG50 in Amharclann Ghaoth Dobhair
I gclár speisialta ar Raidió na Gaeltachta, Ceiliúradh na nUltach, cloisfear míreanna ó choirm cheoil RnaG50 in Amharclann Ghaoth Dobhair i mí Feabhra.
Is é seo an chéad cheann de dhá chlár agus cloisfear roinnt agallaimh a rinneadh a thaifead le cuid den slua a bhí i láthair ar an oíche mhór cheiliúrtha. Beidh míreanna ó chartlann Raidió na Gaeltachta ó Chúige Uladh ag síneadh siar chomh fada le 1972 le cloisteáil freisin.
I measc na n-aíonna a bheidh le cloisteáil sa chlár ar an Luan, Aibreán 10 ag 11in, beidh Maighréad Nic Seaghain, Róisín Mhic Giolla Chearra, Donnchadh Mac Fhionnghaile, Bridie Bean Mhic Fhloinn, Marcas Ó Murchú agus Máire Colm.
Beidh ceol ón gcoirm le cloisteáil ó Na Mooneys agus Altan, Dónall Ó Ceallaigh, Connie Ó Gallchóir, Moya Brennan agus a clann, agus Clann Mhic Ruairí.
Is í Áine Ní Bhreisleáin a chuirfidh an clár i láthair.