Ceiliúradh ar phobal LGBTI+ na hÉireann

D'FHÓGAIR an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige, Roderic O’Gorman feachtas feasachta poiblí nua chun Pobal LGBTI+ na hÉireann a cheiliúradh.

Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas comhrá a thosú faoin dul chun cinn atá déanta, go dtí seo, in Éirinn maidir le comhionannas a bhaint amach don phobal LGBTI+, agus machnamh a dhéanamh ar an obair atá fós le déanamh.

Mar chuid den fheachtas, shuigh baill shuntasacha den phobal LGBTI+ in Éirinn síos chun comhrá a thosú, ag léiriú a n-eispéiris agus a ndearcadh féin ar chomhionannas agus ar ghlacadh, ar an dul chun cinn atá déanta againn mar thír, agus ar na chéad chéimeanna eile is gá a ghlacadh.

Tháinig an craoltóir Noel Cunningham agus an file FeliSpeaks, a ghlac páirt i sraith físeán an fheachtais, leis an Aire chun an feachtas a sheoladh go hoifigiúil. Is féidir an tsraith a fheiceáil ar chuntais meán sóisialta na Roinne.

Agus é ag seoladh an fheachtais, dúirt an tAire O’Gorman: “Tá sé chomh tábhachtach a mheas cé chomh fada agus atáimid mar thír, gan radharc a chailleadh ar an obair atá le déanamh againn amach anseo.

"Táimid mar Rialtas fós tiomanta do chearta daoine LGBTI+ a chur chun cinn agus a chosaint. Teastaíonn uaim go mbeadh an Straitéis nua ionadaíoch do gach duine sa phobal seo, agus go mbeimid uaillmhianach ina spriocanna. Is eagraíocht ilghnéitheach, dhathúil, chruthaitheach í Éire. Is cuid riachtanach de sin iad ár dtír agus ár bpobal LGBTI+.

"Tá sé in am anois bogadh ar aghaidh le chéile mar thír, agus oibriú chun comhionannas a bhaint amach do chách.”

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice