Ceardlann Scríbhneoireachta Idirnáisiúnta dírithe orthu seo ar fud an domhain


Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú agus beidh áit do ochtar ar fad ar an gceardlann.
Beidh ceardlann scríbhneoireachta idirnáisiúnta dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhain ar siúl ar an Luan, Meán Fómhair 11 idir 19.00 agus 22.00, am na hÉireann.
Beidh Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc ina stiúrthóirí ar an cheardlann. Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge atá in gcónaí taobh amuigh d’Éirinn agus nach mbíonn seans acu de ghnáth bualadh le scríbhneoirí Gaeilge eile lena saothar a phlé.
Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú. Beidh áit do ochtar ar fad ar an gceardlann.
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, dánta,suas le 3 dhán, sliocht as úrscéal nó sliocht próis, 5-10 leathanach, nó splancscéal a sheoladh chuig Micheál Ó Conghaile ag [email protected] roimh an Meán Fómhair, 3.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir, a bheidh ag freastal ar an gceardlann, roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile.
Níl aon táille i gceist don cheardlann seo. Tuilleadh eolais ó Mhicheál Ó Conghaile [email protected] nó Bridget Bhreathanch [email protected]