Ceardlann do Chumadóirí Amhrán Gaeilge

placeholder image

TÁ AN cheardlann seo á heagrú i gcuimhne ar an gcumadóir amhrán Pádraig Ó hAoláin (1944–2021) a thacaigh go mór le cur chun cinn na n-amhrán is an cheoil thraidisiúnta agus na n-ealaíon dúchais fré chéile.

Beidh an cheardlann dírithe ar chumadóirí amhrán (den uile chineál), agallaimh bheirte agus lúibíní. Beidh fáilte roimh ábhar ó chumadoirí aitheanta agus ó chumadóirí nua, ar Dé Sathairn, 28 Deireadh Fómhair 2023, ag 10rn in ionad Cló Iar-Chonnacht, an Cheardlann, An Spidéal.

Beidh Micheál Ó Conghaile (scríbhneoir agus bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht) agus Ciarán Ó Fátharta (cumadóir amhrán agus craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta) mar stiúrthóirí na ceardlainne.

Tugtar cuireadh do chumadóirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: amhrán nuachumtha, agallamh beirte nó lúibín a sheoladh chuig CIC, ag an ríomhphost seo roimh an 21 Deireadh Fómhair 2023.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach cumadóra chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh is a mheas.

Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim óna chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann.

Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice