Casann an file agus an léachtóir Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar Sheáin Ó Muireagáin

Tugann an file agus an léachtóir Ailbhe Ní Ghearbhuigh cuairt ar an scríbhneoir Seán Ó Muireagáin sa chlár Ómós Áite. Scrúdaítear an nasc idir ealaíontóir agus áit sa chlár taistil seo agus is cinnte go mbeidh go leor le ráit ag an t-údar Seán Ó Muireagáin faoin ábhar seo.
Beidh gleo na cathrach, fothram na mbóithre, agus caint na ndaoine mar fhuaimrian an chláir seo i nGaeltacht uirbeach Bhéal Feirste áit a gcastar Ailbhe Ní Ghearbhuigh le Seán Ó Muireagáin.
Míníonn Seán stair an phobail, saol na dtrioblóidí, agus an dul chun cinn atá déanta ó shin d’Ailbhe agus iad ag spaisteoireacht sa chathair. Roinneann Seán prós agus filíocht sa reilig áitiúil, ag múrmhaisiú in ómós Bobby Sands, agus ag Coláiste Feirste a léiríonn neart agus fás an phobail go dtí seo.
Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ón Scéim Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún na Meán.