Cartlann Ghlaschú - Ghaoth Dobhair i seanscoil Bhun an Inbhir, Gaoth Dobhair

placeholder image

“Déantar iarracht stair choiteann agus eispéiris an phobail sin a shamhlú agus fiúntas  a thabhairt dó, scéaltaí a d’fhéadfadh a bheith caillte againn ach ab é an tionscadal seo. Tá súil as againn go mbeidh na híomhánna agus na taifeadtaí a bailíodh in Éirinn agus in Albain don chartlann ina n-acmhainn luachmhar do na glúntaí atá le theacht.”  

Seolfar taispeántas grianghrafadóireachta, dar teideal THALL UDAÍ/OVER BY, i Seanscoil Bhun an Inbhir, Gaoth Dobhair Dé Sathairn, an 11 Samhain ag 7.30i.n.

Tá rogha íomhánna agus taifeadadh ann ó Chartlann Ghlaschú - Ghaoth Dobhair, tionscadal a d’fhorbair an t-ealaíontóir Christina McBride le linn tréimhse cónaitheachta in Ionad Ollscoil na Gaillimhe / Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, i nGaoth Dobhair i bhfómhar 2022.

“Díríonn an taispeántas THALL UDAÍ/OVER BY ar dhiaspóra Ghlaschú/Dhún na nGall,” a duirt Christina. “Déantar iarracht stair choiteann agus eispéiris an phobail sin a shamhlú agus fiúntas  a thabhairt dó, scéaltaí a d’fhéadfadh a bheith caillte againn ach ab é an tionscadal seo. Tá súil as againn go mbeidh na híomhánna agus na taifeadtaí a bailíodh in Éirinn agus in Albain don chartlann ina n-acmhainn luachmhar do na glúntaí atá le theacht.”

Ba as Contae Dhún na nGall tuismitheoirí Christina, an bheirt acu. Gach samhradh d’fhágadh sí féin agus a teaghlach teorainneacha cúnga thionóntáin Ghlaschú le cuairt a thabhairt ar a seantuismitheoirí ar thaobh a máthara ar chósta i mBun an Inbhear. Agus í ag taisteal anonn agus anall trasna Shruth na Maoile, déanann sí machnamh ar dhaoine agus ar thírdhreacha faoin tuath i nDún na nGall.

Bhí Christina ábalta an chónaitheacht a dhéanamh in Ionad Ollscoil na Gaillimhe / Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair mar go mbíonn an Ollscoil, Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta ag obair as lámha le chéile.

Ba mhór an tacaíocht a thug na daoine/grúpaí seo a leanas don tionscadal fosta: comhghleacaithe i Scoil Ealaíne Ghlaschú; Ollscoil Shrath Chluaidh; Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; Ionad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn; An Chrannóg agus An Gailearaí i nGaoth Dobhair.

Tá fáilte roimh éinne a bhfuil ceangal acu le Glaschú nó a bhfuil spéis acu i stair na himirce idir Dún na nGall agus Albain, freastal ar oscailt an taispeántais ag 7.30i.n. Dé Sathairn i Seanscoil Bhun an Inbhir, Bun an Leaca, F92 X562. Beifear ábalta an taispeántas a fheiceáil ansin go dtí 15 Nollaig 2023 : Dé Luain agus Dé Céadaoine ó 10.00r.n. go 12.00 meánlae agus Dé Máirt, Déardaoin agus Dé hAoine ó 10.00r.n. go 2.00i.n.

 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice