Carthanacht meabhairshláinte ag moladh do dhaoine a bheith ag spaisteoireacht

Outdoor Recreation Infrastructure Schemeplaceholder image
Outdoor Recreation Infrastructure Scheme

Breathann daoine go maith i ndiaidh dóibh a bheith amuigh faoin spéir

Tá sé ráite ag carthanacht náisiúnta meabhairshláinte, Turn2Me, go bhfuil go leor le gnódh as a bheith amuigh ag siúil.

Dúradh go laghdaíonn siúil amuigh faoin spéir strus agus go socraíonn sé an intinn. Dúradh go gcuidíonn an nadúr le hintinn daoine chomh maith. 

Is fearr a bheith amuigh faoin spéir ag siúil i gcomparáid le bheith istigh ag obair ar mheaisin reatha, a dúirt urlabhraí ón charanacht. 

Dúirt ceannaire Turn2Me, Fiona O’Malley, nach mbíonn fonn ar dhaoine a dhul amach ag siúil nuair atá droch aimsir ann ach gur chóir do dhaoine a bheith ag dream le droch aimsir in Éirinn agus nach bhfuil ag daoine le déanamh ach cóiriu de réir. 

Dúirt urlabhraí ón charthanacht go gcuidíonn siúil le codladh agus le brú fola.

Léirigh staidéar a rinne ollscoil Stanford go mbreathann daoine a shiúlann i dtimpeallacht nadúrtha níos fearr nó iad seo a shiúlann sa chathair.

Tugann Turn2Me sé bhabhta comhairleoireachta saor in aisce do dhaoine - go chuig turn2me.ie

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice