Campa Drámaíochta na Cásca ag an Taidhbhearc


Foghlaim faoi technicí ar nós gluaiseacht ar an stáitse
Tá ríméad ar Fíbín sa Taibhdhearc campa drámaíochta a chur ar siúl d'aisteoiri óga idir 8-12 bliain d'aois. Díreofar ar scileanna agus ar mhuinin an aisteora a fhorbairt, ag baint usáid as teicnici spraíúla.
Beidh meascán de dhrámaíocht, ceol, gluaiseacht agus go leor eile ar siúl acu.
Ag deireadh na seachtaine, beidh deis ag na haisteoiri óga a gcuid samhlaíochta agus tallainne a roinnt le clann agus cairde, nuair a chuirfidh siad taispeántas beag ar siúl ar stáitse iomráiteach na Taibhdheirce.
Sé híad Seoirsín Bashford agus Sorcha De Faoite a bheas i mbun teagasc agus tá roinnt spásanna fágtha go foill.