Cailleadh 43 duine ar láthaireacha oibre anuraidh

There were 4 work related accidents in counties Laois, Offaly and Westmeathplaceholder image
There were 4 work related accidents in counties Laois, Offaly and Westmeath

“Agus muid ag smaointiú ar an mbliain seo caite agus ar na 43 duine a chaill a mbeatha in eachtraí a bhain le hobair, smaoinímid ar dtús báire ar a dteaghlaigh agus a gcairde a chaill duine gaolta go tragóideach i 2023,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Cúnta an HSA, Mark Cullen

Léiríonn figiúirí ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (HSA) gur cailleadh 43 duine anuraidh agus iad i mbun oibre. 

Dúradh gur ag obair le feithiclí agus ag titim ó láthaireacha arda ab ba chúis le formhór na heachtraí. 

Is mó fir a bhásaigh anuraidh agus iad i mbun oibre, cailleadh 39 fear agus ceathrar bean. 

Tugadh le fios gur tharlaigh 16 timpiste ar fheirmeacha agus 11 timpiste ar láthaireacha tógala. 

“Agus muid ag smaointiú ar an mbliain seo caite agus ar na 43 duine a chaill a mbeatha in eachtraí a bhain le hobair, smaoinímid ar dtús báire ar a dteaghlaigh agus a gcairde a chaill duine gaolta go tragóideach i 2023,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Cúnta an HSA, Mark Cullen.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice