Cailín, 6 bliana d’aois, marbh tar éis timpiste bóthair tromchúiseach


Leanann imscrúduithe ar imbhualadh aonfheithicle, marfach
Tá fiosrúchán ar siúl fós ar imbhualadh marfach feithicle aonair i gCo na hIarmhí, rud a d'fhág cailín, 6 bliana d'aois marbh.
Leanann Gardaí sa Mhuileann gCearr le himscrúdú a dhéanamh ar an imbhualadh a tharla go gairid roimh 4in Déardaoin, 8 Feabhra, ar an M6 soir idir Acomhal 4 (Bealach an Tirialaigh) agus Acomhal 3 (Droichead Rochfort) i gcontae na hIarmhí.
Fógraíodh go raibh cailín, 6 bliana d’aois, a bhí ina paisinéir sa charr agus a bhain gortuithe tromchúiseacha, básaithe ag Children’s Health Ireland i Sráid an Teampaill Dé Sathairn, 17 Feabhra.
D'éalaigh beirt eile a bhí sa charr ag an am, fear ina 40idí agus buachaill, 9 mbliana d'aois, gortuithe tromchúiseacha.
Tá Gardaí sa Mhuileann gCearr ag athnuachan a n-achomharc ar fhinnéithe. Spreagtar iad siúd a bhfuil píosaí scannáin ceamara acu (lena n-áirítear dash-cam) ón M6 idir Acomhal 3 agus Acomhal 4 ag am an imbhuailte an scannán seo a chur ar fáil do Ghardaí imscrúdaithe.
Iarrtar ar aon duine a bhfuil faisnéis acu dul i dteagmháil le Stáisiún Garda an Mhuilinn Chearr ar 044 938 4000, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó aon Stáisiún Garda.