Cáide ar bhfiú a dhéanamh le bia atá fágtha Lá Fhéile Stiofáin?

How to make the perfect turkey this Christmasplaceholder image
How to make the perfect turkey this Christmas

Bíonn go leor bia fágtha i ndiaidh dinneár mór na Nollog

Bíonn go leor bia fágtha san chuisneoir agus sna cófraí i ndiaidh lá Nollag ach go minic caitheann daoine an fúilleach amach in áit rud inteacht a dhéanamh leis. 

Is fiú smaointiú an bhfuil duine ar bith sa chomharsanacht nach bhfuil duine ar bith acu le dinneár a dhéanamh dóibh agus pláta a chur le chéile dóibh. Dar ndóigh, is fiú smaoineamh ar seo lá Nollag chomh maith. 

Is fiú bosca nó mála a chur le chéile do bhancanna bia sa cheantar. 

Tá go leor dóigheanna a d'fhéadfadh daoine an bia a úsáid chomh maith. Is féidir arán prataí nó boxty a dhéanamh as prataí nár úsáideadh.  

Bíonn ceapairí breá blásta a dhéanamh ag go leor daoine don turcaí nár úsáideadh thar oíche Nollag agus thar Lá Fhéile Stiofáin chomh maith. 

Is féidir curaí, anraith nó suaithfhrioch a dhéanamh leis agus anuas ar sin is féidir é a chur i mboscaí agus é a storáil sa reoiteoir do laethanta nuair nach bhfuil fonn ort a bheith i mbun cocaireachta. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice