Cáide an rud é 'monk mode' agus cé atá a úsáid?

placeholder image

Tá coincheap úr tagtha chun solais ar na meáin shosíalta ar na mallaibh agus sin é monk mode.

Séard atá ann nó dóigh le do aird a choinneál ar an obair atá idirlámha agus gan ligeaint do rudaí seachtaracha cur as duit. 

Ní gá duit do ghruaig a ghearradh isteach go dtí an blaosc agus conaí ar thaobh an chnoic ach tá gá le níos lú ama a bheith caite ag dul amach le cairde, ag ól, ag íthe bia nach bhfuil follain agus go leor rudaí beaga eile nár mhian le daoine déanamh.

Sin ráite, is cinnte go mbeidh tú ábalta iomlán d'aird a thabhairt do na spriocanna atá romhat amach. 

De réir an idirlion, tá go leor daoine anois ag úsáid Aip le stop a chur le na teachtaireachtaí beaga a thagann aníos ar do fón nó ar uirlisí eile. Tugann seo spás inchinne duit diriú ar an obair atá tú ag déanamh gan an ping beag ciocrasach sin ag tabhairt bealach ealaithe duit. 

Tá daoine eile ag leagaint amach liosta de spriocanna a thig déanamh in am ghairid ach a bheith dirithe ar an am atá leagtha amach don ghníomh agus sin páirt don monk mode fosta. 

Is fiú plean a leagaint amach agus suí leis. Dar ndóigh an príomh sprioc atá le monk mode nó do shaol a dhéanamh níos fearr mar sin téann sé chun sochar duit. 

Is féidir go leor eolais a aimsiú fan smaoineamh úr seo ar an idirlíon. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice