Cad atá ar siúl do Sheachtain na Gaeilge an tseachtain seo?

PICTIÚR: Seachtain na Gaeilge le Energia 2024placeholder image
PICTIÚR: Seachtain na Gaeilge le Energia 2024

Iarrtar ar an bpobal páirt a ghlacadh san fhéile trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge agus an teanga a úsáid

Reáchtálfar Seachtain na Gaeilge, an fhéile bhliantúil ó 1-17 Márta, agus iarrtar ar an bpobal páirt a ghlacadh san fhéile trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge agus an teanga a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile le linn #SnaG24.

Beidh imeachtaí ar siúl ar fud na tíre don fhéile. Seo sampla de na himeachtaí sa phobal sna laethanta romhainn:

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia: "Bhí ócáid den scoth againn le tús oifigiúil a chur le Seachtain na Gaeilge le Energia i mBaile Bhlainséir ag an deireadh seachtaine agus táimid ag súil anois le seacht lá déag d’imeachtaí speisialta ar fud na tíre agus níos faide i gcéin.

"Deis í Seachtain na Gaeilge le Energia don phobal a gcuid Gaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile, agus iarraim ar gach duine an deis sin a thapú.

"Táimid thar a bheith bródúil as na grúpaí fud fad na tíre atá ag cur imeachtaí ar siúl agus ag glacadh páirt san fhéile idir anois agus Lá le Pádraig."

Dúirt Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia, Orlaith Nic Ghearailt: "An téama atá againn don fhéile i mbliana ná ‘féidearthachtaí’. Táimid ag iarraidh go mbeadh gach duine ag smaoineamh ar na féidearthachtaí atá ina saolta le Gaeilge a úsáid, bíodh sé le cairde, le comhghlacaithe nó fiú le comhimreoirí spóirt.

"Iarraimid ar dhaoine páirt a ghlacadh san fhéile agus go rachaidh siad go himeachtaí Gaeilge ina gceantair idir anois agus 17 Márta."

Seoladh an fhéile go hoifigiúil  in Ionad Bhaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath ag ócáid speisialta ar an Satharn. 

Reáchtálfar féile bhliantúil Sheachtain na Gaeilge le Energia ó 1-17 Márta, le himeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne. Is féidir teacht ar imeachtaí na féile agus imeachtaí a chlárú ag PEIG.ie. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh na féile ag snag.ie. 

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á eagrú ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus beidh imeachtaí na féile ar siúl idir 1 agus 17 Márta. Cuireadh tús leis an bhféile in 1902. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice