Cabhraíonn tionscnamh maoinithe ollmhór le Grá ar an Trá tosú ar an dara séasúr


Tá €70 milliún san iomlán curtha ar fáil ag an scéim le 5 bliana anuas
Tá leithdháileadh maoinithe de €8.6m fógartha ag Coimisiún na Meán do chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha ag eascairt as dhá bhabhta le déanaí de ‘Sound & Vision 4, the Broadcasting Funding Scheme’.
Tacaíonn an scéim le léiriú clár ardchaighdeáin Gaeilge agus Béarla, bunaithe ar chultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann le craoladh ar sheirbhísí náisiúnta, áitiúla agus pobail teilifíse agus raidió.
Cuireadh 165 iarratas san iomlán ag lorg breis agus €18.8m de mhaoiniú isteach lena mbreithniú faoi Bhabhta 51 den scéim, agus bronnadh díreach os cionn €7.9m de mhaoiniú. Áiríonn an babhta seo maoiniú breise ón státchiste a fuair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD.
Tacóidh Babhta 51 le léiriú 65 tionscadal teilifíse agus raidió do lucht féachana ar fud na tíre, le €6.7m leithdháilte ar 27 tionscadal teilifíse, agus os cionn €1.1m do 38 léiriúchán raidió.
Tacóidh beagnach 35% den mhaoiniú molta (€2.7m) le tionscadail Ghaeilge/dátheangacha a tháirgeadh, agus téann 95% den mhaoiniú (€7.4m) go díreach chuig an earnáil léiriúcháin neamhspleách.
I measc na dtionscadal suntasach a maoiníodh i mBabhta 51 tá; An Irish Atlantic Rainforest (RTÉ), An Grá Ciúin (TG4) agus Grá ar an Trá (Virgin Media Television).