Cabhair á lorg ag gardaí chun cailín 13 bliana d'aois atá ar iarraidh a lorg


TÁ GARDAÍ ag lorg cúnaimh ón bpobal le fáil amach cá bhfuil cailín 13 bliana d'aois.
Shonagh O'Donnell atá ar iarraidh óna teach cónaithe i dTamhlacht, Baile Átha Cliath 24, ó maidin Dé hAoine, 17 Meán Fómhair.
Deirtear go bhfuil Shonagh 5 throigh 3 orlach ar airde le tógáil caol.
Tá gruaig dhonn agus súile glasa uirthi. Ní fios cad a bhí ar Shonagh nuair a chuaigh sí ar iarraidh.
Iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas aige/aici faoi láthair Shonagh teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Garda Thamhlachta ar 01 666 6000, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó aon stáisiún Gardaí.