Bhain Katy McGeady céim amach ar na mallaibh óna printíseacht leictreachais le hArdteastas Leibhéal 6 ar chuir sí i gcrích le O Hara & Harrison Electrical Contractors i Leitir Ceanainn
Tátalamh úr a bhriseadh i gceird an leictreachais, ina bhfuil ceannas ag fir, ag bean dhícheallach ón Fhál Carrach.
Bhain Katy McGeady céim amach ar na mallaibh óna printíseacht leictreachais le hArdteastas Leibhéal 6 ar chuir sí i gcrích le O Hara & Harrison Electrical Contractors i Leitir Ceanainn.
Éascaítear riarachán na bprintíseachtaí sa chontae le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall tríd a fhoireann Seirbhísí Printíseachtaí.
Cé gurb ise an t-aon bhean ar an fhoireann, níor cuireadh aon chonstaicí roimh Katy. “Ní chaitheann duine ar bith liom ar dhóigh difriúil,” a deir sí. “Níl a dhath ar bith ann nach dtig leat a dhéanamh,” a chuir sí leis go muiníneach.
Glacann Katy leis go meastar go bhfuil ann do roinnt constaicí ós comhair mhná óga ag dul isteach sa cheird: “Tionscal atá ann ina bhfuil ceannas ag fir agus ní smaoiníonn girseacha fiú faoi iarracht a dhéanamh dul isteach i rud inteacht cosúil leis seo.”
Cuireadh tús le haistear Katy nuair a bhí sí ag obair san earnáil fáilteachais agus í ag iarraidh athrú.
Chuir sí a céad phrintíseacht i gcrích ar thionscadal tógála mór i mBaile Átha Cliath, í ag glacadh leis an dúshlán
úr agus ag gearradh cosáin nach bhfaca sí aon bhean eile ag tabhairt faoi roimpi.
“Rinne mé é, go bunúsach,” a deir sí, “ní raibh ann d’aon inspioráid nó d’aon mhian ina dhiaidh, leaindeáil mé
le hobair leictreachais, go bunúsach.”
Ní hamháin go soláthraítear seasmhacht le ceird an leictreachais, ach réimse leathan deiseanna gairme fosta.
“Beidh obair agat i dtólamh, bíonn gá ag daoine le leictreoirí fá choinne tionscadail bhaile agus chorparáideacha i rith an ama,” a mhíníonn Katy. Is féidearthacht iontach eile í earnáil an fhuinnimh in-athnuaite, atá ag méadú, fá choinne leictreoirí cáilithe.
Nuair a bhí a céad leanbh ag Katy, bheartaigh sí go bpillfeadh sí ar Dhún na nGall le bheith níos cóngaraí dá teaghlach. Ar an dea-uair, d’éirigh léi socrúchán tacúil a aimsiú le O’Hara & Harrison, dlúthfhoireann a raibh baint lárnach acu lena cuid foghlama agus forbartha.
“Bhí siad iontach maidir lena chur in iúl domh achan rud ar gá domh a bheith ar an eolas faoi,” a deir Katy.
Bunaítear printíseachtaí ar mheascán d’fhoghlaim in institiúid oideachais agus oiliúna agus 50% ar a laghad den fhoghlaim ag tarlú san ionad oibre. Bíonn printísigh ‘ag saothrú agus iad ag foghlaim’ fosta, siocair go n-íoctar iad le linn fhad na printíseachta.
“Íochtar thú ón chéad lá, rud atá ina bhuntáiste ollmhór i gcomparáid le bheith ag freastal ar an ollscoil,” arsa Katy.
I measc cuid de na buntáistí a bhaineann le hobair cheirde a tharraingíonn Katie aird orthu tá an éagsúlacht, an obair foirne agus an cumas tuillimh. “Bíonn achan lá go hiomlán difriúil óna chéile, bíonn tú ag taisteal fud fad Dhún na nGall agus ag déanamh giota beag d’achan rud - baile, corparáideach agus tionsclaíoch,” a dúirt sí.
Bíonn ETB Dhún na nGall ag spreagadh mná go gníomhach i dtreo mhachnamh a dhéanamh faoina bheith ag obair i réimsí neamhthraidisiúnta, agus iarratas a dhéanamh ina leith.
Tá an-chuid ban i nDún na nGall anois ag tabhairt faoi phrintíseachtaí i réimse leathan réimsí – lena n-áirítear leictreachais, meicníocht charranna, pluiméireacht, búistéireacht, cleachtóir árachais, innealtóireacht déantúsaíochta, oibríochtaí iompair agus tiomáint chorparáideach, ceantálaíocht, maoirseacht mhiondíola agus tuilleadh.
Tá sparánacht inscnebhunaithe ar fáil d’fhostóirí a bhfostaíonn printísigh ar aon chlár printíseachta náisiúnta a bhfuil ionadaíocht de bhreis is 80% ann ag aon inscne ar leith agus tá fostóirí printíseachta incháilithe chun sparánacht de €2,666 a fháil fá choinne achan phrintíseach cláraithe a bhaineann leis an inscne mionlaigh.
Agus í ag amharc chun tosaigh, tá Katy dóchasach i leith an domhain oibre atá amach roimpi. “Tá deiseanna poist maithe ann nuair atá sé seo agat, thig leat dul áit ar bith leis, ach ní dóigh liom go mbeidh mé ag bogadh,” a dúirt sí, í sásta leanstan léi ag tógáil a gairme ag O’Hara & Harrison.
Dúirt an fostóir, Liam O’Hara: “Mar fhostóir comhdheiseanna, creidim go bhfuil an deis tuillte ag achan duine dul isteach ina rogha gairme. “Nuair a tháinig Katy chugainne lena printíseacht, bhí mé ábalta dúthracht agus paisean a fheiceáil inti ar chuir
cinneadh furasta romham post a thabhairt di ag obair laistigh de O’Hara & Harrison.
“Le dhá bhliain anuas, tá sárobair déanta aici agus í ag feidhmiú ag leibhéal an-ard. Níl aon amhras orm go mbainfidh Katy barr feabhais amach ina cuid oideachais agus oiliúna de réir mar a théann an t-am thart agus go gcáileoidh sí mar leictreoir. Tríd a díograis agus a dúthracht, d’éirigh léi í féin a shocrú mar acmhainn iontach de chuid O Hara and Harrison.”
Cuireann Liam leis: “Is eiseamláir iontach í Katy do na mná óga amuigh ansin atá ag dul sa tóir ar a gcuid uaillmhianta.”
Is cúis bróid é do ETB Dhún na nGall atmaisféar tacúil a chruthú fá choinne mná in achan chlár printíseachta.
Tháinig méadú suntasach ar líon na gclár printíseachta le blianta beaga anuas agus breis is 70 cineál printíseachtaí ar fáil anois thar réimse earnálacha lena n-áirítear Tógáil, Leictreachais, Airgeadas, ICT, Bithchógaisíocht, Fáilteachas agus Bia, Lóistíocht, Earcaíocht agus Seirbhísí Réadmhaoine.
Is féidir leat liosta iomlán na gclár printíseachta oiliúna in Éirinn a aimsiú ar apprenticeship.ie.
Más spéis leat tabhairt faoi phrintíseacht, nó más fostóir thú ar mian leat tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Foireann na bPrintíseachtaí de chuid ETB Dhún na nGall ar 074 9120500 nó seol ríomhphost chuig apprentinceship@donegaletb.ie.
Tá tuilleadh eolais ar fáil fosta ar shuíomh gréasáin ETB Dhún na nGall anseo agus ar a gcuntais ar na meáin shóisialta (X, Facebook, Instagram, YouTube agus LinkedIn).
*Ábhar urraithe
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.