Search

06 Sep 2025

GRADAIM Gnó na hÉireann bainte amach ag 134 Gnólacht

Is scéim aitheantais é GRADAIM a bhronnann stádas Cré-umha, Airgid nó Ór ar chuideachtaí bunaithe ar a ngnóthachtálacha thar roinnt catagóirí

GRADAIM Gnó na hÉireann bainte amach ag 134 Gnólacht

Tháinig breis agus 250 ionadaí ó na gnólachtaí le chéile ag ócáid speisialta eagraithe ag Glór na nGael i bPáirc an Chrócaigh

Tá 134 gnólacht a bhfuil aitheantas GRADAIM Gnó na hÉireann bainte amach acu i mbliana.

Tháinig breis agus 250 ionadaí ó na gnólachtaí le chéile ag ócáid speisialta eagraithe ag Glór na nGael i bPáirc an Chrócaigh ag ceiliúradh gnólachtaí a bhfuil an Ghaeilge mar chuid den ghnó, nó atá ag cur seirbhíse trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí.

Is scéim aitheantais é GRADAIM Gnó na hÉireann a bhronnann stádas Cré-umha, Airgid, nó Óir ar chomhlachtaí bunaithe ar a gcuid éachtaí i gceann amháin, dhá cheann, nó i ngach ceann de na catagóirí seo a leanas: 1. Comharthaíocht, 2. Brandáil agus Margaíocht, 3. Seirbhís i nGaeilge. 

Beidh an plaic a bhronnfar mar tháscaire do chustaiméirí, ag léiriú an leibhéal agus an cineál seirbhíse is féidir leo a bheith ag súil leis trí mheán na Gaeilge.

Aithníonn gnólachtaí an ról lárnach atá ag ár dteanga i gcultúr agus i bhféiniúlacht na tíre. Feiceann siad gur pointe díola uathúil (USP) í an Ghaeilge a mheallann custaiméirí agus tá líon na gnólachtaí atá ag baint leas as seo ag méadú gach lá. Ní hamháin go gceiliúrann an cur chuige seo an oidhreacht chultúrtha ach tá sé ag teacht le cleachtais ghnó nua-aimseartha freisin.

Dúirt bainisteoir na scéime, Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Fiontraíochta agus Gnó ag Glór na nGael, go raibh ríméad air go raibh breis agus 200 gnólacht cláraithe le GRADAIM i mbliana. "Is mian liom comhghairdeas a ghabháil leis na gnólachtaí go léir a fuair GRADAIM i mbliana. Le linn na moltóireachta i mí Mheán Fómhair, chonaic mé an obair luachmhar atá ar bun ag na comhlachtaí seo i leith na Gaeilge. Tá lúcháir orm go bhfuil na hiarrachtaí seo á n-aithint go náisiúnta, mar atá tuillte acu. Is cúis bhróid é líon na ngnólachtaí atá páirteach i mbliana agus léiríonn sé an caighdeán ard seirbhíse trí Ghaeilge atá ar fáil agus atá ag fás ó bhliain go bliain."

Ag labhairt ag an ócáid thréaslaí Feargal Ó Coigligh, Ard-Rúnaí na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán na gnóthaí go léir. "Tá sibhse, na gnólachtaí a ghlacann páirt i scéim nGRADAIM Gnó na hÉireann ag tabhairt brí don Ghaeilge agus ag taispeáint don phobal, ar fud na tíre agus níos faide i gcéin go deimhin, go bhfuil pobal láidir Gaeilge anseo.

"Taispeánan GRADAIM Gnó an ioliomad deiseanna agus buntáistí a chuireann an Ghaeilge ar fáil do gach uile earnáil, óstáin, comhar creidmheasa, caiféanna, gnóanna sláinte, sna meáin, cúrsaí spóirt agus turasóireacht."

Seoladh Gradaim Gnó na hÉireann i 2021 agus tá sé á reáchtáil ag Glór na nGael. Clúdaíonn sé an t-oileán ar fad. Is féidir le gnólachtaí gach eolas a fháil faoin scéim ag an suíomh glornangael.ie/gradaim

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.