Buaic-ghradam cumarsáide an Oireachtais na bliana seo á bhronnadh ar Eoghan Ó Néill


Fógraíodh go mbeidh buaic-ghradam cumarsáide an Oireachtais na bliana seo á bhronnadh ar Eoghan Ó Néill iriseoir, craoltóir agus tráchtaire ilbhuach as Béal Feirste, as téagar, substaint agus sárchaighdeán a shaothair sna meáin chumarsáide thar na mblianta.
Tugann Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais aitheantas do shaothar saoil in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge.
Bronnfar an gradam seo mar aon le trí ghradam déag eile ag searmanas bronnta a bheidh ar siúl san INEC, Cill Airne, Contae Chiarraí, Dé Céadaoin, Samhain 1.
Is ar an oíche a fhógrófar na buaiteoirí eile ar fad. Déanfar an ócáid á shruthú beo ar www.antoireachtas.ie & www. tg4.ie ag 8.00 p.m.