Brúchtadh bolcán ar leithinis Reykjanes in iardheisceart na hÍoslainne


Thiontaigh an spéir dearg i ndiaidh an brúchtadh
Tá brúchtadh bolcán ar leithinis Reykjanes in iardheisceart na hÍoslainne i ndiaidh tarlú.
Bogadh thart ar 4,000 duine ó Grindavik, baile iascaireachta timpeall 4km uaidh, an mhí seo caite.
Thosaigh an brúchtadh Dé Luain, a dúirt Oifig Met na hÍoslainne.
Tá muintir na hÍoslainne ag dream le brúchtadh bolcán de bharr go leor crith talúin le mí anuas.
Dúradh gur thiontaigh an spéir dearg i ndiaidh an brúchtadh.