Bronntanais Gaelacha do lá fhéile Valentine


Bláthanna, Guinness, ealaín, béile, cumadh agus cardaí
Tá lá fhéile Valentine ar na bacáin agus don lá speisíalta seo bheadh sé go deas bronntanas nó carda Gaelach a bhronnadh ar an te atá tú ag siúl amach leis. Seo cúpla smaoineamh:
Is féidir le daoine cardaí Gaeilge a cheannacht agus ní bheadh rud ar bith níos deise nó dán a chum tú féin tré mheán na Gaeilge a scríobh don te atá tú do shúil agat ar. Tá go leor dánta agus amhráin Gaeilge amuigh ansin chomh maith a bheadh oiriúnach le scríobh lastigh don charda.
Tá píosaí deasa ealaín ar fáil chomh maith gur féidir leat ceannacht le nathanna cainte Gaeilge orthu.
Tá deis agat a bheith éagsúil le bláthanna chomh maith. Bheadh sé go deas bláthanna a fháil ó do cheantar nó gairdín féin i gceantar Gaeltachta.
Dóibh seo atá ceolmhar agus ábalta ar uirlisí - ní bheadh rud ar bith níos deise nó píosa ceol a chumadh - polca, ríl nó jig.
Triall béile a dhéanamh tú féin ag úsáid ábhair atá le ceannacht i do bhaile fhéin - ar nós iasc, feoil, luibheanna agus ábhair eile atá ar fáil go háitiúil. Tá seo níos fearr don timpeallacht chomh maith nó níl tú ag breath ar ábhair atá tógtha isteach go dtí an cheantar ar lorraí nó ar veain.
Dá mbeadh conaí ar dhuine ag taobh na farriage - d'fhéadfa cloch doirlinge i gcruth croi a aimsiú do do ghrá geal. Tá go leor dóigheanna le bheith rómánsúil i nGaeilge agus tá seo i bhfad níos deise nó a bheith ag tógáilt as nósmhaireacht Hollywood.