Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar Mháirín Ní Ghadhra ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge


Bronnadh Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana ar Bhreandán Ó Cathasaigh
Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar Mháirín Ní Ghadhra, craoltóir aitheanta RTÉ Raidió na Gaeltachta agus láithreoir le TG4, ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo chaite.
Bhí an Ard-Fheis ar siúl in Óstán Carlton, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15. Duais bhliantúil is ea é Gradam an Uachtaráin a bhronntar ar dhuine ar leith a bhfuil éachtaí déanta acu ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Bronnadh Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana ar Bhreandán Ó Cathasaigh, a bhí ina Chathaoirleach ar an ógeagraíocht Ógras. Bhronn Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, an dá ghradam.
Ag labhairt, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin: “Tá croí Mháirín curtha isteach aici san iriseoireacht, sa chraoltóireacht agus sa teanga ar feadh na mblianta, agus ba mhaith linn aitheantas a thabhairt di as an obair ar fad atá déanta aici.
"Is cara mór le Conradh na Gaeilge í Máirín, agus tá a cuid ama, a cuid fuinnimh agus a cuid talainne tugtha go fial flaithiúil aici dúinn i gcónaí. As sin, táimid thar a bheith buíoch di agus is féidir liom a rá nach bhfuil duine ar bith gur bhfearr liom an onóir seo a bhronnadh orthu i mbliana.
"Tá muid ag súil go mór anois le himeachtaí na hArd-Fheise agus gabhaim buíochas ó chroí le craobhacha agus le baill an Chonartha as ucht a gcuid oibre agus a dtacaíocht le bliain anuas.”