Brón agus briseadh croi i gCluain Meala

Maraiódh ceathrar ógánach aréir agus iad ar a mbealach le torthaí na hArdteiste a cheiliúradh

Tá achomharc á dhéanamh ag na gardaí ar aon duine a chonaic an timbhualadh inar maraíodh ceathrar ógánach aréir i gCluain Meala teagmháil a dhéanamh leo.

Maraíodh Nicole Murphy, 18, as Baile Phádraig, Zoey Coffey, 18, as Cill Síoláin, Grace McSweeney, 18, as Cluain Meala, agus a deartháir Luke McSweeney, 24. 

Bhí torthaí na hArdteiste faighte ag an triúr ban agus iad ar a bhealach chun bualadh le cairde le haghaidh ócáid ​​cheiliúrtha. 

Tuigtear go ndeachaigh an carr a bhí siad ann as smacht.

Tá iarrachtaí ar bun i láthair na huaire tacú leo seo atá croi-bhriste de barr an tubáiste. 

Chur an tÚachtarán Micheál D Ó hUiginn a chomhbhrón in iúl ní ba luaithe inniu. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice