Bród na Gaeltachta ar na bacáin arís i mbliana

placeholder image

Beidh an fhéile dátheangach ach beidh tús áite i gcónaí ag an Ghaeilge

Beidh féile pobail úrnua, BRÓD na Gaeltachta, ar siúl i gCloich Cheann Fhaola idir an Iúil 16ú agus 23ú.

Féile le cur chuige ionchuimsitheach a bheas ann, ach le béim láidir ar an phobal LADTAI+ sa Ghaeltacht. Beidh an fhéile dátheangach ach beidh tús áite i gcónaí ag an Ghaeilge.

Beidh go leor éagsúlachta ar fáil don phobal sa chaoí agus go mbeidh achan aois agus inscne ábalta spraoi agus sult a bhaint as. Beidh drámaí, ceol, filíocht, léachtaí, ranganna Gaeilge, siúlóidí, ceardlanna, damhsa, taispeántais, scannáin agus go leor eile ar siúil, mar aon le mórshiúl carnabhail agus CLUB LUGH le Eve Belle & Lonesome George ar Iúil 22ú le BRÓD a cheiliúradh.

Beidh muid ag súil do dtiocfaidh go leor grúpaí eile ó lasmuigh den cheantar isteach go Cloich Cheann Fhaola le ceiliúradh leis an phobal anseo.

Beidh muid ag obair i gcomhpháirtíocht le Pobail le Chéile agus Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola le go mbeidh béim láidir agus tús áite ag an teanga.

Tá sé mar aidhm againn tionscadail chruthaitheacha a roinnt leis an phobal agus spás a chothú do Ghaeil aiteacha anseo i gcroílár na Gaeltachta.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice