TÁ GARDAÍ i gCeantar Mhainistir na Corann ag fiosrú na gcúinsí a bhain le tuairisc duine ar iarraidh Tina Satchwell óna teach ar Shráid Grattan, Eochaill, Co Chorcaí ó mhí an Mhárta, 2017.
Tá an t-imscrúdú uasghrádaithe go Dúnmharú, agus tá an t-imscrúdú á stiúradh ó Stáisiún Garda Mhainistir na Corann.
Tráthnóna inniu, 10 Deireadh Fómhair 2023, gabhadh fireannach (50í) faoi amhras dúnmharaithe agus coinníodh é de bhun fhorálacha Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 ag Stáisiún na nGardaí i gContae Chorcaí.
Tá Oifigeach Idirchaidrimh Teaghlaigh ceaptha do theaghlach Tina Satchwell.
Tá Gardaí fiosrúcháin tar éis áit chónaithe ar Shráid Grattan in Eochaill, Co. Chorcaí a shéaladh agus tá tús curtha le scrúdú teicniúil.
Leanann Gardaí d’achomharc a dhéanamh ar aon duine a bhféadfadh eolas a bheith acu a bhaineann leis an imscrúdú dul i dteagmháil le Stáisiún Garda Mhainistir na Corann ar (021) 462 1550, Líne Rúnda an Gharda Síochána ar (1800) 666111 nó aon Stáisiún Garda.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.