Breis is 131,000 teaghlach le Liúntas Feabhsaithe um Fhilleadh ar Scoil a fháil an tseachtain seo


TÁ SÉ fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, go bhfaighidh breis agus 131,000 teaghlach an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil an tseachtain seo.
Tá an íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí deartha chun tacú le teaghlaigh incháilithe le costas éide scoile agus coisbhirt roimh an téarma scoile atá le teacht.
D'ardaigh an tAire Humphreys na rátaí íocaíochta i mbliana faoi €100 in aghaidh an linbh chun an costas leanúnach a bhaineann le brúnna maireachtála atá roimh theaghlaigh a léiriú.
Ciallaíonn sé seo go n-íocfar €260 i leith leanaí 4-11 bliana d’aois.
Agus íocfar €385 i leith leanaí atá 12 bhliain d'aois agus níos sine in oideachas dara leibhéal.
Ar an iomlán, déanfar íocaíochtaí de bhreis is €72 milliún san iomlán go huathoibríoch le breis agus 131,000 teaghlach, i leith breis agus 231,000 leanbh, ón lá inniu. Seoltar fógra faoin íocaíocht uathoibrithe chuig custaiméirí tríd an bpost nó trína gcuntas MyWelfare.
Tá an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua fós ar oscailt d’iarratais go dtí 30 Meán Fómhair agus tá teaghlaigh incháilithe á spreagadh chun iarratas a dhéanamh. Déanfar cinntí ar na cásanna seo a phróiseáil de láimh agus má tá siad i dteideal eiseofar íocaíocht a luaithe a bheidh siad próiseáilte.
D’fhógair an tAire Humphreys tús na n-íocaíochtaí le linn cuairte ar an Lennon & Sons Drapery atá á reáchtáil ag teaghlaigh i Muinchille, Co. an Chabháin.
Dúirt an tAire: "Mar Rialtas tuigimid go mór an gá atá le leanúint ag tacú le teaghlaigh leis an gCostas Maireachtála. Sin an fáth an mhí seo caite, d’fhógair mé €100 breise in aghaidh gach linbh a bhí ag fáil Sochar Linbh."
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh: "Tá an tAire Norma Foley i gceannas ar scéim na leabhar scoile in aisce, a thosóidh do bhunscoileanna ó Mheán Fómhair."