Borradh maoinithe do Phobail Chruthaitheacha ar fud na hÉireann


Tacóidh maoiniú le 28 tionscadal, lena n-áirítear 16 chomhoibriú Thuaidh-Theas mar chuid den Tionscnamh Oileáin Chomhroinnte
D’fhógair Patrick O’Donovan TD, do Chultúr, Cumarsáid agus Spórt, maoiniú €3.7 milliún thar na trí bliana atá romhainn inniu do thionscadail faoi stiúir na n-údarás áitiúil faoin gClár Éire Ildánach.
Áirítear leis seo €2.3 milliún ó Chiste Oileáin Chomhroinnte an Rialtais do 16 thionscadal faoin snáithe Oileáin Chomhroinnte de chlár Éire Ildánach, ag tacú le cruthaitheacht, nasc agus folláine ar fud oileán na hÉireann.
Tacaíonn na deontais le dhá réimse: Sláinte agus Folláine sa Phobal, agus Pobail Chruthaitheacha ar Oileán Comhroinnte.
Gheobhaidh fiche údarás áitiúil maoiniú chun raon leathan tionscadal sláinte agus folláine a sholáthar i gcomhar le FSS trí chruthaitheacht agus rannpháirtíocht an phobail, lena n-áirítear trí thionscadal trasteorann Oileán Comhroinnte. I measc na nithe seo, tá:
- Faoi stiúir Chomhairle Contae Fhine Gall – Domhain a Fhí le Chéile: Is tionscadal oileáin comhroinnte uaschúrsála faisin idirghlúine é Uaschúrsáil Chruthaitheach Faisin thar Theorainneacha agus thar Aoiseanna lena dtugtar le chéile Comhairle Daoine Scothaosta Fhine Gall, grúpaí óige áitiúla, agus eagraíochtaí comhpháirtíochta i dTuaisceart Éireann (lena nasctar Glúinte Thuaisceart Éireann agus Comhairle na hArda agus an Dúin Thuaidh).
- Faoi stiúir Chomhairle Contae Uíbh Fhailí – Sólás: Is clár pobalbhunaithe é Ciorcal Cúraim Lár na Tíre a thacaíonn le teaghlaigh agus cónaitheoirí tithe altranais, chomh maith leo siúd a bhfuil tinneas foirceanta orthu. Is tionscadal iomlánaíoch ealaíon pobail é seo a thugann aghaidh ar thinneas foirceanta agus ar bhrón trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí cruthaitheacha lena n-áirítear filíocht agus scríbhneoireacht chruthaitheach.
- Faoi stiúir Chomhairle Contae Chorcaí – Splanc Cruthaitheach: Tá Clár Ealaíon agus Folláine Óige Chontae Chorcaí dírithe ar dhaoine óga idir 8-18 mbliana d’aois, go háirithe iad siúd ó ghrúpaí ar deacair teagmháil a dhéanamh leo agus atá imeallaithe. Bainfidh na rannpháirtithe úsáid as cleachtais dhigiteacha lena n-áirítear podchraoltaí a dhéanamh, códú agus beochan.
Faoi Phobail Chruthaitheacha ar Oileán Comhroinnte, gheobhaidh trí údarás áitiúla déag maoiniú chun tionscadail mhóra, mheánmhéide agus mhionscála a sheachadadh thar thréimhse trí bliana, ag cur comhoibriú trasteorann agus naisc chun cinn idir pobail Thuaidh agus Theas. I measc na nithe seo, tá:
- Faoi stiúir Chomhairle Contae Mhaigh Eo – Cad é an scéal? tabharfaidh sé ceithre bhothán fear, ceann ó gach cúige, le chéile chun scéalta a insint, comhoibriú lena chéile go cruthaitheach, agus chun fás agus tuiscint a fháil ar a bhfuil i gceist le bheith i d’fhear ar oileán comhroinnte sa 21ú haois.
- Faoi stiúir Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, tabharfaidh Sightless Cinema pobail daoine dalla le chéile chun páirt a ghlacadh i gcomhthionscadal ealaíon chun bunamharclann fuaime a chruthú lena cur i láthair go poiblí d’amharclanna thuaidh agus theas.
- Faoi stiúir Chomhairle Contae Liatroma, is comhar trasteorann é Siúlóidí Feirme le Fear Manach, a dhéanann iniúchadh ar an gcomhthuiscint idir feirmeoirí agus ealaíontóirí, agus a leagann béim ar leasanna comhroinnte feirmeoireachta agus comhshaoil.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O’Donovan.“Tá ríméad orm an infheistíocht shuntasach €3.7 milliún seo a fhógairt, rud a léiríonn ár dtiomantas i dtionchar claochlaitheach na cruthaitheachta ar shaol daoine.
“Trí thacaíocht a thabhairt d’údaráis áitiúla agus do chomhpháirtithe pobail, táimid ag cumasú deiseanna cruthaitheacha atá inrochtana, cuimsitheach agus freagrúil do riachtanais na bpobal ar fud oileán na hÉireann.
“Táim ag tnúth leis na tionscadail nuálacha agus chomhoibríocha seo a fhorbairt tríd an maoiniú suntasach seo lena n-áirítear €2.3 milliún i maoiniú d’Oileán Comhroinnte.”
Tá tuilleadh eolais faoi na tionscadail ar éirigh leo ar fáil anseo.