Bigil ar an Aoine don cheathrar ógánach a cailleadh i gCluain Meala

Maraíodh ceathrar ógánach i dtubáiste i mbaile Chluain Meala

Tá bigil a eagrú le cuimhneamh ar cheathrar ógánach a cailleadh go tragóideach oiche hAoine i gCluain Meala. 

Bhí na hógánaigh ar a mbealach chuig ócáid cheiliúrtha le torthaí na hArdteiste a cheiliúrtha. 

Ba iad Nicole Murphy, 18, as Baile Phádraig, Zoey Coffey, 18, as Cill Síoláin, Grace McSweeney, 18, as Cluain Meala, agus a deartháir Luke McSweeney, 24 a cailleadh san tubáiste. 

Tuigtear go ndeachaigh an carr a bhí siad ag taisteal ann as smacht.

Tá iarrachtaí ar bun i láthair na huaire tacú leo seo atá croi-bhriste de bharr na tubáiste. 

Beidh an bigil ar siúl i gCluain Meala tráthnóna Dé hAoine i bPairc Denis Burke. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice