Bieach ón Ailseach clár úr fadradharcach ar TG4
Tugann clár faisnéise úr de chuid TG4, Biseach ó Ailseach, lár-stáitse don dul chun cinn atá déanta i dtaobh taighde ailse in Éirinn - taighde a chiallaíonn go bhfuil níos mó daoine ag teacht slán anois ón ailse.
Is í Evelyn O'Rourke, bean a tháinig slán ón ailse í féin, a dhéanfas an clár a chur i láthair.
Deirtear go mbeidh duine as beirt curtha ar an eolas go bhfuil ailse orthu ag tráth éigin ina saol ach ar an taobh gheal don scéal tá lucht taighde na hÉireann ag gnódh torthaí dearfacha óna gcuid oibre a bhuíochas don tacaíocht a fhaigheann siad ó mhórcharthanachtaí amhail Breakthrough Cancer Research.
Biseach ón Ailse, clár faisnéise cumhachtach nua ina bhfiosraítear an dul chun cinn nuálach atá déanta i dtaighde ailse in Éirinn, le tacaíocht ó Breakthrough.
Sa chlár croíúil comhthuisceana seo, tabharfaidh Evelyn O'Rourke, craoltóir, iriseoir agus bean atá tagtha slán ón ailse, beirt eile atá tagtha slán ó ailse aghaidh ar aghaidh le taighdeoirí díograiseacha ailse chun an tionchar ollmhór a bhíonn ag taighde ailse ar an saol a phlé.
Tá spéis mhór ag an láithreoir i dtaighde ailse de bharr go raibh ailse uirthi féin dhá bhliain déag ó shin. Sa chlár faisnéise seo, casfaidh sí le Caitríona Greene agus Ann Marie O’Sullivan, beirt atá tagtha slán ó ailse agus a inseoidh a scéalta pearsanta féin faoi mhisneach agus teacht aniar. Taispeánfar sa chlár faisnéise tochtmhar seo mar a chruthaíonn taighde dul chun cinn agus mar a thagann níos mó daoine slán ón ailse mar gheall ar an dul chun cinn sin. Tá an nuálaíocht agus an eolaíocht i bhfolach taobh thiar den chothromú simplí sin agus is é an toradh deiridh a bhíonn air ná go gcuidíonn sé le daoine filleadh ar an saol arís mar a bhí, agus cuimhní agus deiseanna a chruthú nach mbeadh acu ar chor ar bith murach taighde ailse.
Is scéal é seo faoi mhisneach agus buanseasmhacht, agus is clár é freisin in ómós do na daoine ar leith sin atá ag obair gan staonadh chun cóireálacha agus diagnóisic nua, níos fearr, níos éadroime agus níos cliste a aimsiú d’ailse. Craolfar an clár faisnéise, a bhfuil tacaíocht aige ó Breakthrough Cancer Research agus a léirigh Derek Nagle ó Bo Media, Déardaoin, Meitheamh 22 ag 8.30pm TG4.