Bhuaigh cónaitheoir Thiobraid Árann leathmhilliún sa Chrannchur EuroMillions

placeholder image

IS CINNTE go mbeidh imreoir an Chrannchuir Náisiúnta ag ceiliúradh inniu tar éis dó príomhdhuais EuroMillions Plus ar fiú €500,000 a bhaint amach aréir.

Ceannaíodh an ticéad mearphiocadh buaiteach ag Centra, An Seandroichead, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann.

Tá sé deimhnithe ag an gCrannchur Náisiúnta go bhfuil teagmháil déanta ag an mbuaiteoir agus tá socruithe á ndéanamh acu faoi láthair chun a nduais a bhailiú.

Bhí úinéir an tsiopa buaiteach, Robert Ely thar a bheith sásta bua mór a fháil oíche Dé Máirt. “Le bheith macánta, ba mhaith liom go raibh an glaoch á fháil agam a rá gurbh mise an buaiteoir,” a dúirt sé ag gáire. 

Tá Robert i mbun an tsiopa i gCluain Meala le seacht mbliana déag agus dúirt sé gurb é seo an bua is mó a bhí acu go dtí seo; “Tá cúpla bua Telly Bingo buaite againn le cúpla bliain anuas, ach is é an ceann is déanaí seo an méid is mó ar thicéad buaiteach atá díolta againn.”

Ní raibh aon buaiteoir den Pota Óir EuroMillions arbh fhiú €39,998,137 é. Rud a chiallaíonn go bhfuil €55 milliún measta le bheith sa phota óir Dé hAoine (16 Meitheamh).

Téann beagnach 30 cent as gach €1 a chaitear ar chluichí uile an Chrannchuir Náisiúnta ar ais go  cúiseanna maithe i réimsí an spóirt, na hóige, sláinte, leasa, oideachais, ealaíon, oidhreachta agus na Gaeilge. San iomlán tá níos mó ná €6 Bhilliún bailithe do Chúiseanna Dea ó bunaíodh an Crannchur Náisiúnta 35 bliain ó shin.

In 2021 amháin, bailíodh €304 milliún do Chúiseanna Dea áitiúla i bpobail ar fud na hÉireann.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice