Bhfuil scéal beag ag do pháiste le hinse?
Tá comórtas úr ann do pháistí ar suim leo scríobh
Tá Two Minute Tales BBC Thuaisceart Éireann ar ais — agus is féidir iontráil a chur isteach i nGaeilge an iarraidh seo.
Tá catagóir úr sa chomórtas scéalta gairide Two Minute Tales ar an BBC do pháistí atá idir 5 agus 11 bliana d’aois le scéalta a chur isteach i nGaeilge.
Déanfaidh painéal ar leith de mholtóirí Gaeilge breithiúnas ar na hiarratais.
Roghnóidh na moltóirí triúr iomaitheoirí don bhabhta ceannais agus léifidh aisteoirí a gcuid scéalta amach ar Blas ar Raidió Uladh, agus déanfar beochan de scéal an bhuaiteora.
Beidh scéal gach duine de na triúr iomaitheoirí sa bhabhta ceannais san áireamh i scéal-leabhar maisithe.
Faigh tuilleadh amach faoin dóigh le do scéal Gaeilge a chur isteach anseo.