Bhfuil fonn ar dhaoine pilleadh chun na hoifige arís?

placeholder image

Bhí go leor fostaí a bhain sult as a bheith ag obair sa bhaile i rith an phandéim - ba mhór an truaighe an nós seo a athrú

Bhí saol suaimhneach agus siosmaideach ag cuid againn i rith an phandéim agus muid ag obair ón baile. Ní raibh againn ach éirigh amach as an leaba agus súil go dtí an chéad seomra eile le dhul i mbun na hoibre. Ní raibh gá duinn léimnigh isteach sa charr agus tiomaint ar feadh uair a chloig le dhul ag obair.   

Nuair a bhí fonn tae ort - bhí bainne i gcónaí san chuisneoir. Ní raibh an bainne slogtha siar ag fostaí eile nach dtéann a choiche chun siopa le bainne úr a cheannacht. Bhí rogha bianna agat sna priosanna - ní raibh gá duit praghasanna arda, amaideacha a dhiol fá choinne greim bí. 

Níos mó nó sin, ní raibh duine ar bith san oifig ag cur isteach ort. Ní raibh an te a bhí ina suí trasna uait ag íthe ag an deasc, ní raibh siad ag buaileadh scannáin nó fuaimeanna ós ard, nó - agus seo an ceann is sméasa ag freagairt an fón agus ag béicigh ar nós go raibh an duine leath mhíle amach uatha. 

Bhí níos lú strus ag obair sa bhaile agus bhítear ag sabháil airgid, de chuid againn - bhí muid ábalta siúl ar na tránna - bhí muid ábalta osna a ligeaint i ndiaidh am oibre agus bia maith, sláintiúil a íthe agus níos mó nó sin, de bharr go raibh muid in ardú meanma, bhí níos mó obair a dhéanamh againn, cad chuighe a bhfuil fostaí ag iarraidh sin a athrú? 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice