Bhfuil cuimhne agaibh ar na Cloigne Folmha?

I measc na n-aíonna ar an chlár beidh Máirtín Mac Donnchadha, Tomás Mac Con Iomaire, Tomás Mac Eoin agus John Beag Ó Flatharta
Is é Seán Bán Breathnach a chuirfidh an clár, Na Cloigne Folmha i láthair Dhomhnaigh, Bealtaine, 28 ar a 7 a chlog tráthnóna. Tabharfaidh an clár seo léargas ar an ghrúpa ceoil Na Cloigne Folmha, ar an dóigh ar bunaíodh an banna ceannródaíoch i dtús na seachtóidí agus na cuimhní atá ag na cloigne fhéin ar na blianta sin.
Tá sé leathchéad bliain anois ó eisíodh an gearr-cheirnín cáiliúil leo an Damhán Alla. I measc na n-aíonna ar an gclár beidh Máirtín Mac Donnchadha, Tomás Mac Con Iomaire, Tomás Mac Eoin agus John Beag Ó Flatharta.
Bígí ag éisteacht.