B’fhathach é Tomás Mac Ruairí i saol na Gaeilge


Tomás P.T. Mac Ruairí (1939–2023), Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus ball de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge imithe ar Shlí na Fírinne
Tá Conradh na Gaeilge faoi bhrón mór go bhfuil Tomás P.T. Mac Ruairí (1939–2023), Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus ball de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge imithe ar Shlí na Fírinne.


Bhunaigh sé Craobh Bhréanainn de Chonradh na Gaeilge i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath agus bhí sé gníomhach san Ardchraobh agus ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath. Bhunaigh sé Coláiste Samhraidh faoi choimirce a chraoibhe i dTír an Fhia. Chaith sé seal mar Oifigeach Preasa agus mar Thimire leis an gConradh sna 1960í, tráth a rinne sé eagarthóireacht ar an iris Rosc agus ar chomhordaigh sé Comóradh 50 Bliain Chonradh na Gaeilge ar Éirí Amach na Cásca i 1966.
Ba é Tomás a d’eagraigh an t-imeacht seolta in Uimhir 6 Sráid Fhearchair nuair a bhog an eagraíocht go dtí an teach sin i 1966. Toghadh mar Thánaiste i 1994 é agus bhí sé mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1998 go 2003.
Taobh amuigh dá chuid oibre le Conradh na Gaeilge, chaith Tomás a shaol ag iriseoireacht leis an Irish Press, Inniu agus irisí eile. Bhí sé mar stiúrthóir ar an gComhlacht Chumarsáide Creagáin Teo, agus ar CCC Nuacht Teo. Bhí sé mar dhuine de bhunaitheoirí Gaelscoileanna Teo agus Scoil Neasáin, áit ar fheidhmigh sé mar bhainisteoir deonach ó 1970 go 1974.

Déanann Conradh na Gaeilge comhbhrón lena bhean chéile, Síle, agus a chlann uilig.
Ag labhairt inniu, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is méala mór do chairde Chonradh na Gaeilge agus do phobal na teanga ar fad bás Thomáis Mhic Ruairí. Déanann Conradh na Gaeilge comhbhrón lena mhuintir i mBaile Átha Cliath agus in Ard Mhacha, agus lena chuid cairde go léir. Tá fuinneamh ar leith tógtha aige i ngluaiseacht na teanga le Conradh na Gaeilge agus ar bhonn pearsanta bhí sé ina chara mór agus ina mheantóir agam ó mo chuid ama mar mhac léinn go dtí an tseachtain seo. Táimid ar fad faoi chomaoin aige as.”
Suaimhneas síoraí dá anam uasal.