Beifear ag plé an meanapás i gCosán na mBan an tseachtain seo


In eagrán na seachtaine seo den chlár, cloisfear taithí na mban ar an meanapás. Labhrann an láithreoir, Treasa Bhreathnach, le triúr ban faoina dtaithí féin leis an tréimhse saoil seo.
Na mná a bheas i mbun cómhra nó Beirní Ní Chuinn, Siobhán Ní Chofaigh agus Caitríona Ní Cheannabháin.
Beidh na mná ag labhairt faoi thionchar an mheanapáis ar a saol. Cloisfear dánta nuachumtha ó na filí cumusacha Réaltán Ní Leannáin agus ó Mháire Holmes freisin.
Beidh an clár ar siúl ar an Luan, Iúil 24 ag 2.05.