Beidh tús úr le conócht an Earraigh ag cuid mhór againn


Laethanta níos faide, níos lú dorchadas - d'fhéadfadh sé tuilleadh misnigh a spréagadh ionainn
Ar imeall na páirceanna agus ar thaobh na haibhneacha feictear neadacha do bhláthanna galántacha ag fás na laethanta seo. Is mór an difear a dhéanann dathanna do mheabhar shláinteach an duine - tugann siad ardú croi agus meanma do iomaí sin duine.
Anuas ar an ailleacht gliondarach sin, tá na huain le feiceáil sna cuibhrinn, na héanacha le cluinstin ó bheas luath ar maidin ann agus fás ag teacht ar aghaidh an domhain.
Amach anseo, beidh na laethanta níos faide agus dorachadas an gheimhridh a' ligeaint i ndearmad againn. Beidh deis ann íthe amuigh faoin spéir, pleanáil do laethanta saoire, siúlóidí móra amuigh faoin spéir a thógáil agus neart rudaí a dhéanamh atá níos deise nuair atá fad lae agat.
Tugann conócht an Earraigh deiseanna duinn agus spreagann sé muid.
Do an chuid is mó againn, is furast a bheith in ardú brí agus spion maith a bheith ort ach tá daoine eile ann atá ag fulaingt leis an ghalar dubh agus is ní miste cáide méid bláthanna atá le feiceáil acu níl éalú acu as - i muscáilt na beatha tá siad i bhfostach sa dorachadas.
Is léir go bhfuil daoine ann atá ag fulstaingt - go bhfuil an dorachadas thárt orthu go buan agus is mór an chuidigh atá de dhith orthu - ar an drochuair, cuidiú nach mbíonn ar fáil ó na foinsí go mbeifeá ag súil leis, uaireanta.
Tá sé tábhachtach na daoine seo i gcónaí a choinneál i do chroi agus i do chuimhne. Go minic feiceann muid poist ar na meáin shosíalta atá ag ráit go bhfuil siad ag tacú le daoine in ísle brí nó atá ag fulstaingt agus déanann daoine na poist seo a roinnt nó croi a chur orthu, níl anseo ach cur i gcéill.
Tháinig mise trasna ar cheann dó na teachtaireachtaí seo ar na mallaibh agus in áit a bheith ag cliceáil go balbh intinne ar sheol mé teachtaireacht chucu ag iarraidh castáil leo do lóin agus is mór an difir a rinne sé. Is cinnte go bhfuil níos mó a thiocfadh liom déanamh ach go foill beag bhí sé giota maith níos fearr nó clic a thabhairt do post amáideach inteacht.
Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh cuidiú le duine atá in ísle brí, cur scairt, go ar cuairt acu nó seol teachtaireacht chucu. Seans gur mór an difir a dhéanfas do chumarsáid. Nuair atá daoine in ísle brí bíonn siad don bharúil nach bhfuil meas ar bith orthu - bíonn beag uchtach orthu agus nuair a thagann duine nach raibh siad ag súil leis ina dtreo feiceann siad luach leis.
Mar sin, má tá tusa tú féin i bhfoirm iontach - déan iarracht duine eile a thógáil leat - ag deireadh an lae, is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.