Beidh Saoirse Bhaile Átha Cliath bronnta ar Greta Thunberg agus Duncan Stewart anocht


Bronnfar Saoirse Bhaile Átha Cliath ar na gniomhaí timpeallachta Greta Thunberg agus Duncan Stewart anocht, oíche Cheadaoine.
Seo an chéad uair a tugadh saoirse na príomhchathrach ar gniomhaí timpeallachta.
D’ainmnigh Ard-Mhéara reatha Bhaile Átha Cliath, Comhairleoir an Chomhaontais Ghlais, Caroline Conroy, an péire don ghradam agus tugadh tacaíocht dó ó cheannairí lucht Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Bronnfar Saoirse Bhaile Átha Cliath orthu ag searmanas i dTeach an Ard-Mhéara tráthnóna.