Beidh na Artic Monkeys ag pilleadh ar Éirinn níos moille i mbliana

placeholder image

Cuireadh seó samhraidh an bhanna ceoil ar ceal i bPáirc Marlay i mBaile Átha Cliath níos luaithe i mbliana

Beidh Arctic Monkeys ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath agus Béal Feirste i mí Dheireadh Fómhair.

Tiocfaidh deireadh lena gcamchúirt domhanda in Éirinn. 

Tá ceithre gig san iomlán ar na bacáin, 15, 17 agus 19 Deireadh Fómhair in 3Arena i mBaile Átha Cliath agus Deireadh Fómhair 16 sa SSE Arena.

Beidh Miles Kane mar aoi speisialta ag an mbanna. Cuireadh seó samhraidh an bhanna ceoil ar ceal i bPáirc Marlay i mBaile Átha Cliath níos luaithe i mbliana. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice