Beidh go leor cuimhní cinn a phlé i sráith úr Saolta ’s Gaolta


Beidh daoine ag tabhairt cur síos ar ábhair ó chéad lá scoile s’acu, go dtí an chéad phóg agus an chéad chéilí, cuardaíonn muid dóigh agus an dóigh lena mianta is mó a nochtadh
Tosaíonn an tsraith Saolta ’s Gaolta ina roinneann deartháireacha, deirfiúracha, fir chéile, mná céile, tuismitheoirí, páistí agus cairde saoil na scéalta is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu le chéile ar an Luan, Feabhra ag 10in.
Beidh daoine ag tabhairt cur síos ar ábhair ó chéad lá scoile s’acu, go dtí an chéad phóg agus an chéad chéilí agus a mianta saoil.
Tá an tsraith trí chuid seo, léirithe ag Triplevision Productions do BBC Gaeilge le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann, agus beidh sé ar siúl ar BBC Two Northern Ireland agus ar BBC iPlayer.
Beidh Seán agus Griain, athair ’s iníon, Maighread agus Máire, deirfiúracha, Séimí agus Colm, deartháireacha, Brian agus Eimhear, céillí, agus Tara agus Bríd, aintín ’s neacht ag caint agus ag plé ar an chlár.
Tugann dlúthchairde Ruairí agus Lauren agus lánúin phósta Josie agus Dónall léargas ionraic neamhbhalbh ar a saolta chomh maith.
I ngach eagrán, cuireann grianghraif theaghlaigh agus scannáin chartlainne beocht sna scéalta seo, rud a chruthaíonn sraith aoibhinn chroíúil faoi dhea-chraic an tsaoil.