Beidh Electric Ireland ag gearradh costas leictreachas agus gás ó mhí na Samhna


Tá ciorrú 10% ar phraghsanna leictreachais tí fógartha ag Electric Ireland agus laghdú 12% ar tháillí gáis.
Beidh na hathruithe i bhfeidhm ón 1 Samhain agus rachaidh siad chun tairbhe de 1.1 milliún custaiméir.
Dúradh go mbeidh custaiméirí ábalta ar an mheán €212.06 a shabháil ar bhunús bhliantúil.
Táthar á tuairisc go mbeidh billí gáis €216.67 nios saoire, ar an mheán, go bliantúil.
D'ardaigh luachanna Electric Ireland trí huaire anuraidh agus dhá uair i 2021.