Beidh ceolchoirm ag na Wolfe Tones i mBaile Átha Cliath i mbliana


D'éirigh thar barr le na Wolfe Tones ag an Electric Picnic agus beidh daoine ábalta iad a fheiceáil arís nuair a bheas ceolchoirm acu i mBaile Átha Cliath nios moille i mbliana.
Beidh na Wolfe Tones ag comóradh trí scór bliain ar an fhód san 3Arena ar an Satharn, Deireadh Fómhair 12.
Bhí an slua is mó i stair féile ag ceolchoirm na Wolfe Tones ag an Electric Picnic mar sin is cinnte go mbeidh neart suim san gceolchoirm seo.
Bunaíodh na Wolfe Tones sna 60í i mBaile Átha Cliath i rith an 'ballad boom' mar a thugtar ar an tréimhse sin.
Beidh na ticéid ar diol ón cúigiú lá déag de mhí Mheán Fómhair.