Beartas nua curtha i bhfeidhm maidir le rochtain d'fhir agus do mhná ar áiseanna spóirt


D’fhoilsigh Catherine Martin TD agus Thomas Byrne TD athbhreithniú ar an gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór
D’fhoilsigh Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne TD, an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, athbhreithniú ar an gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór mar aon le ceanglas beartais nua maidir le rochtain chomhchosúil d’fhir agus do mhná ar shaoráidí spóirt a mhaoinítear faoin Scéim a chur chun feidhme.
I bhfianaise na rátaí críochnaithe tionscadal níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis, de bharr COVID-19 agus boilsciú tógála go príomha, rinneadh athbhreithniú ar gach tionscadal de chuid na Scéime. Tugtar achoimre san athbhreithniú ar na dúshláin a cuireadh roimh thionscadail na Scéime go dtí seo agus soláthraítear ann moltaí maidir le babhta nua na Scéime.
Cuirtear san áireamh sna cúig mholadh treoirphrionsabail a uasmhéadú maidir le húsáid Áiseanna Spóirt ar Mhórscála, cearta staideanna a ainmniú, agus leibhéal an chúnaimh deontais a fhaigheann tionscadail.
Ciallaíonn an Ceanglas nua maidir le Riachtanas Comhchosúil go gcaithfidh daoine a fhaigheann maoiniú ón Scéim anois freastal ar riachtanais na mban agus na bhfear, ar bhonn comhchosúil, maidir le rochtain a fháil ar na háiseanna ar leithdháileadh maoiniú poiblí dóibh. Caithfidh polasaí maidir le rochtain chomhchosúil a bheith i bhfeidhm ag eagraíocht ar bith a fhaigheann maoiniú faoin Scéim agus ní mór dóibh oibriú chun é a fhoilsiú chomh luath agus is féidir.
Ag labhairt faoin bhfoilseachan, dúirt an tAire Catherine Martin: “Tá an t-athbhreithniú seo tráthúil mar go dtugtar léargas ann ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le tionscadail na Scéime ar leithdháileadh deontais orthu go dtí seo agus cuirtear san áireamh ann ionchuir ó chruinnithe le deonaithe uile na Scéime. Cuirfear moltaí an athbhreithnithe seo san áireamh sula seolfar babhta nua na Scéime go luath.
"I gcás go leor ban agus cailíní, is minic gur féidir leis an timpeallacht spóirt a bheith doicheallach agus eisiach, rud a fhágann go mbíonn easpa rannpháirtíochta ann. Mar thoradh ar cheanglas nua na Scéime maidir le Rochtain Chomhchosúil, tá súil agam go dtabharfar rochtain níos fearr do gach bean agus cailín a úsáideann áiseanna spóirt a mhaoinítear ó chistí poiblí”.
"Dheimhnigh an tAire Byrne agus mé féin cheana féin go nglacfar le hiarratais faoi bhabhta nua na Scéime sna seachtainí atá romhainn, agus foilseofar na dátaí, na téarmaí agus na coinníollacha go luath ar shuíomh gréasáin na Roinne. Mholfainn do gach tionscadal incháilithe smaoineamh ar chur isteach ar an bpróiseas iomaíoch iarratais seo nuair a osclófar é."
Dúirt an tAire Thomas Byrne: "Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh aon duine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú na Scéime ar an eolas faoin gCeanglas maidir le Rochtain Chomhchosúil a bhfuilim iontach bródúil as a thabhairt isteach.
"Faoin gCeanglas maidir le Rochtain Chomhchosúil, ní mór go mbeadh rochtain chomhchosúil ag mná agus fir ar shaoráidí a mhaoinítear faoin Scéim agus ní mór do dhaoine a fhaigheann maoiniú faoin Scéim polasaí foilsithe a bheith acu ina léirítear conas mar a oibríonn sé sin ó thaobh na praiticiúlachta de. Trí Cheanglas maidir le Rochtain Chomhchosúil a chur i bhfeidhm, is féidir linn comhdheiseanna a chinntiú chun páirt a ghlacadh sa spórt.
"Sa Scéim seo, cuirtear béim ar inseachadacht agus tá fonn orm tionscadail a thabhairt chun críche níos luaithe ná mar a rinneadh go dtí seo agus déantar roinnt moltaí in Athbhreithniú na Scéime a chuirfear san áireamh mar chuid de bhabhta nua na Scéime."
Is féidir na Cáipéisí Athbhreithnithe agus Beartais a léamh anseo.