Beagnach 2,000 teach tábhairne in Éirinn druidte ó 2005


Léiríonn an taighde gur dúnadh 108 barra i 2022
Tá beagnach 2,000 teach tábhairne in Éirinn druidte ó 2005, de réir tuarascála nua atá curtha i gceann a cheile ag Grúpa Tionscal Deochanna na hÉireann.
Léiríonn an taighde gur dúnadh 108 barra i 2022, cé go bhfuil ráta dúnta 22.5% ann ó 2005 i leith.
Dúirt an grúpa gur gnóanna tuaithe is mó atá i mbaol a ndoirse a dhruid, agus ba iad Luimneach (32%), Corcaigh (29.9%), agus Laois (29.9%) na contaetha a chonaic an laghdú ab ba mhó.
Bhí an ráta laghdaithe ab ísle ag Baile Átha Cliath le ráta 3.4%.