Banna Píob Árainn Mhór le cuairt a thabhairt ar Oileán na mBéabhar


I mbliana, tugadh cuireadh do Bhanna Píob Árainn Mhór cuairt a thabhairt ar Oileán na mBéabhar i Loch Michigan, SAM chun páirt a ghlacadh san ‘Emerald Isle Irish Féile’ a bheidh ar siúl idir 8-9 Meán Fómhair.
Bunaíodh Banna Píob Árainn Mhór sna 1930idí, an mhuintir óg a bhí ag obair in Albain ag baint phréataí a thug na píobaí ar ais chun an oileáin leo. Ón am sin ar aghaidh, tá traidisiún láidir píobaireachta ar an oileán.
Taobh amuigh de bheith ag seinm ag ócáidí áitiúla in Árainn Mhór agus ag féilte ar fud Dhún na nGall, tugadh cuireadh don bhanna a dhul go hAlbain le Cluiche na nGarbhchríoch in Ailbheach (Alva Highland Games) a fhoscailt.
D’fhoscail an banna na cluichí sin trí huaire in imeacht na mblianta. Ar ndóigh, ba sa cheantar sin in Albain a chaith cuid mhaith de bhunadh Áranna a n-am ag tógáil préataí san am a chuaigh thart. In 2013 iarradh ar an bhanna an t-amhrán náisiúnta a bhualadh ag Staid an Aviva i mBaile Átha Cliath don chluiche idirnáisiúnta sacair idir an Ostair agus Éire. Seo an chéad uair, áfach, a tugadh cuireadh don bhanna bualadh i Meiriceá.
Tá ceangal fada idir Árainn Mhór agus Oileán na mBéabhar. I rith an drochshaoil in Éirinn, díbríodh 168 de bhunadh Áranna as a dtalamh agus dhíol tiarna talaimh an oileáin a bpasáiste anonn go Quebec. Bhí fear as Inis Mhic an Duirn, Seán Dubh Ó Dónaill, i ndiaidh cuairt a thabhairt ar Oileán na mBéabhar, áit a raibh fairsinge iascaireachta ann agus chuir sé scéal chuig cuid dá chairde as Árainn Mhór. San am sin bhí rialtas Michigan ag tairiscint 25 acra talaimh agus $25 do dhuine ar bith a thiocfadh chun cónaí ann agus a thabharfadh an talamh a gheobhadh siad chun míntíreachais taobh istigh de sé mhí.
Na chéad daoine sin as Arainn Mhór a fuair talamh san oileán, chuir siad scéal ‘na bhaile go raibh áit mhaith ann fá choinne iascaireachta agus lománaíochta. Cuireadh airgead ‘na bhaile chuig a muintir chun a bpasáiste féin a dhíol anonn.
Tháinig níos mó agus níos mó de mhuintir Áranna chun cónaí san oileán agus fá na 1880idí bhí thart fá 300 duine de bhunadh Áranna ina gcónaí san oileán. Ba í an Ghaeilge an ghnáth-theanga labhartha a bhí san oileán i rith an ama sin, agus in 1866, cuireadh sagart, an tAthair Peadar Ó Gallchóir, fear as Tír Eoghain a raibh Gaeilge líofa aige, chun an oileáin le freastal ar an phobal. Fuair an cainteoir dúchais Gaeilge deireanach ar Oileán na mBéabhar, Mary (Duffy) Gallagher, bás in 1971.