Baill nua Aosdána ag teacht le chéile ag an gcomhairle ealaíon

Chuir Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly agus Cláraitheoir Aosdána, Karen Hennessy fáilte roimh na comhaltaí nua
Bhailigh comhaltaí nua Aosdána, a toghadh ag an gComhthionól Ginearálta an 26 Márta 2024 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, ag foirgnimh na Comhairle Ealaíon ag Cearnóg Mhuirfean chun tuilleadh a fhoghlaim faoi chomhcheangal na n-ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn agus cad a chiallaíonn sé a bheith i do bhall.
Chuir Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly agus Cláraitheoir Aosdána, Karen Hennessy fáilte roimh na comhaltaí nua.
Thug an tOifigeach Ealaíon Aiden White cur i láthair gairid ar Aosdána, ag féachaint ar ábhair ar nós Ballraíochta; an Comhthionól Ginearálta; Ainmniúcháin & Toghcháin; Saoi; Toscaireacht; Cnuas agus Riarachán, chomh maith le breathnú ar Thionscadail atá le Teacht.
Deis iontach a bhí anseo freisin do chomhaltaí bualadh lena chéile chomh maith le bualadh le baill foirne agus ranna na Comhairle Ealaíon.
Ag freastal ar na himeachtaí bhí: Sinead Ní Mhaonaigh (Amharcealaín), Catherine Dunne (Litríocht), Andrew Hamilton (Ceol), Róisin Heneghan (Ailtireacht) and Louise Lowe (Litríocht)
Ní raibh na baill nua eile, Paul Lynch (Litríocht), Shaun Davey (Ceol) agus Ed Bennet (Ceol) ar fáil le bheith i láthair.