Search

06 Sep 2025

Rudaí le déanamh le linn sos na Nollag

Ní go ró mhinic a mbíonn am saor ag daoine is fiú leas a bhaint as

Rudaí le déanamh le linn sos na Nollag

Ní go ró mhinic a mbíonn am saor ag daoine mar sin is fiú leas a bhaint as saoire na Nollag. Bíonn go leor daoine nár bhfearr leo rud ar bith a dhéanamh ach a bheith ag fallsacht agus tá sin ceart go léor mar go mbionn daoine ag obair ó dhubh go dubh ó thús na bliana. 

Ach má tá fonn ort tabhairt faoi ábhair seo cúpla smaointiú a d'fhéadfadh daoine a tabhairt faoi más mían leo. 

Baineann go leor daoine sult as a bheith ag snámh maidin lá Nollaig ach bíodh cinnte agus éisteacht a thabhairt do thuar na haimsire i mbliana mar go bhfuil baol ann go mbeidh an ghaoth measartha láidir i mbliana. 

Is féidir le daoine dhul ar shiúlóidí ach an téadach ceart a bheith a chaitheamh acu. 

Is fiú go mór, mhór suí siar agus liosta aidhmeanna agus spriocanna a leagaint amach don bhliain úr. 

Tá deis ag daoine go leor cocáireacht a dhéanamh le linn na Nollag. Is fiú smaointiú ar chupla dinneár a chur sa reiteoir le bheith ann don bhliain seo chugainn nuair nach bhfuil am nó fonn ort a bheith i mbun cocaireachta. 

Is fiú liosta na rudaí atá a dhobháil feistigh sa teach a chur i gceann a chéile agus smaointiú ar cén uair is fearr lena dhéanamh. 

Déan liosta do rudaí atá de dhith ort agus déan iarracht iad a cheannacht nuair atá rudaí níos saoire le linn mí Eanair. 

Amharc ar laethanta saoire an tsamhraidh agus tosaigh ag sábháil lena haghaidh. 

Leag amach an am saor atá de dhith ort i mbliana agus cur san áireamh go luath é san ionad oibre. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.