Search

06 Sep 2025

Maoiniú €2.18m fógartha chun tacú le neartú na Gaeilge i scoileanna

Maoiniú €2.18m fógartha chun tacú le neartú na Gaeilge i scoileanna

PICTIÚR: Gaelbhratach/Facebook

TÁ MAOINIÚ suntasach breise €2.18 milliún ceadaithe ag an Aire Catherine Martin TD agus an Aire Stáit Patrick O’Donovan TD leis an scéim Gaelbhratach a neartú agus a leathnú.

Is scéim tacaíochta í Gaelbhratach, atá á riaradh ag Gael Linn, le haghaidh scoileanna ar fud na hÉireann. Díríonn Gaelbhratach ar chur chun cinn na Gaeilge ar bhealach struchtúrtha, pleanáilte agus taitneamhach i mbunscoileanna agus i meánscoileanna araon. 

Is é sprioc na scéime Gaelbhratach ná úsáid na Gaeilge a spreagadh, ní hamháin laistigh den seomra ranga, ach mar theanga labhartha phobal na scoile freisin. Cuireadh tús leis an scéim sa scoilbhliain 2012/13 agus ó shin i leith tá an scéim i ndiaidh dul i bhfeidhm ar scoileanna de chineálacha éagsúla ar fud na tíre – idir bhunscoileanna uirbeacha agus tuaithe ina bhfuil gá le beocht a athchur sa teanga, agus Ghaelcholáistí agus iarbhunscoileanna Gaeltachta arb í an phríomhtheanga laethúil iontu í.

Leis an maoiniú breise atá ceadaithe anois, beidh deis ag Gaelbhratach foireann breise a cheapadh agus freastal ar i bhfad níos mó scoileanna timpeall na tíre.

Tá 133 bunscoil agus 126 iarbhunscoil páirteach sa scéim faoi láthair, agus táthar ag súil go dtiocfaidh méadú mór ar na huimhreacha sin leis an maoiniú breise atá á cheadú. 

Dúirt an tAire Catherine Martin: "Bíonn tionchar suntasach ag an scéim seo ar nósanna teanga na ndaltaí a ghlacann páirt ann agus tuigtear dom go bhfuil go leor iardhaltaí a ghlac páirt sa scéim ina mbaill ghníomhacha de na cumainn Ghaelacha i gcoláistí tríú leibhéal anois."

Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan: "Is iontach an rud é go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn mar ghnáth-theanga labhartha i measc daoine óga i ngach saghas scoile agus i ngach cearn den tír. Molaim na hiarrachtaí atá gach scoil a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn faoin scéim thairbheach seo."

Tá Gaelbhratach á riaradh ag Gael Linn agus faigheann sé tacaíocht airgeadais ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, ón Roinn Oideachais agus ó Fhoras na Gaeilge.

Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a fháil anseo.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.