'Ba cheart go mbeadh ag dul go teiripe chomh nadúrtha le dul go dtí an giom'

placeholder image

Is inniu lá Domhanda na Meabhairshláinte

Tá sé ráite ag príomhfheidhmeannach carthanachta go bhfuil tráma de chineál inteacht ar gach duine agus gurb é an bealach is fearr le déileáil leis seo nó lastigh de dtimpeallacht shláintiúil nó trí theirpe. 

Is inniu lá Domhanda na Meabhairshláinte. Tá sé ráite ag Príomhfheidhmeannach Turn2Me, Fiona O'Malley, go bhfuil go leor le gnódh as teiripe. 

“Is féidir le teiripe cabhrú linn tréimhsí deacra a phróiseáil, amhail básanna, poist caillte nó briseadh croi. Is féidir leis cuidiú linn fosta agus muid ag dul trí thréimhsí imní, strus nó a léithid. Tá Turn2Me ag rá gur chóir do gach duine dul chuig teiripe chun leigheas a fháil óna dtrámaí," a dúirt sí. 

Dúirt sí gur choir a bheith ag gabhail go theiripe chomh nadúrtha le bheith ag dul go dtí an giom. 

Cuireann Turn2Me suas le sé sheisiún comhairleoireachta saor in aisce ar fáil do dhaoine fásta atá ina gcónaí in Éirinn, agus seisiúin chomhairleoireachta íoctha gan teorainn. Ritheann Turn2Me 365 lá sa bhliain, fiú ar Lá Nollag. Chun clárú dá sheirbhísí, téigh chuig Turn2Me.ie

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice