Ardú tagtha ar luach phiontaí áirithe ón lae inniu
Beidh luach níos mó ar phiontaí amach anseo
Ardaíonn luach ar phiontaí áirithe ón lá inniu agus Diageo ag ardú praghsanna don dara huair i mbliana.
I mí Iúil, dúirt urlabhraí ón chomhlacht - atá Guinness, Smithwicks, Harp, Hop House 13, Rockshore agus Carlsberg ar a mbrandaí - le tábhairneoirí go mbeadh siad ag ardú a gcuid praghsanna i mbliana.
Tuigtear go ndéanfaí an ardú an lae inniu 10c, ar a laghad, le praghas pionta Guinness.
Beifear ag tnúth go mbeidh luach thar €6 ar phiontaí i gcathaireacha áirithe in Éirinn.
Deirtear go bhfuil go leor tabhairneoirí nach bhfuil sásta le ardú an lae inniu.
Dúirt urlabhraí le Diageo go bhfuil ardú mór tagtha ar a gcostaisí.