Ardú suntasach ar thrácht paisinéirí tríd Aerfort na Sionainne ó thús na bliana


Chuir Aerfort na Sionainne fáilte roimh os cionn 1.51 milliún paisinéir chuig an aerfort anuraidh
Tháinig ardú suntasach ar líon na bpaisinéirí a tháing trí Aerfort na Sionainne idir mí Eanáir agus mí Feabhra i mbliana i gcomparáid le figiúirí réamhphaindéimeach, de réir eolais a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an tseachtain seo.
I mí Eanáir 2023, tháinig méadú 21 faoin gcéad ar líon na ndaoine a thaistil trí Aerfort na Sionainne i gcomparáid le Eanáir 2019, agus bhí sé 22 faoin gcéad níos airde i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2020.
I mí Feabhra 2023, tháinig borradh 17 faoin gcéad ar líon na bpaisinéirí i gcomparáid leis an mí chéanna in 2019, agus 12 faoin gcéad i gcomparáid le Feabhra 2020.
Is é an méadú iomlán ar thrácht paisinéirí don dá mhí le chéile i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2019 ná 19 faoin gcéad, agus 17 faoin gcéad ar fhigiúirí 2020.
Ag tagairt don ardú dearfach atá tagtha ar thrácht paisinéirí, dúirt Mary Considine, Príomhfheidhmeannach Ghrúpa Aerfort na Sionainne: "Táimid sásta leis an méadú ar líon na bpaisinéirí ag Aerfort na Sionainne i rith Eanáir agus Feabhra na bliana seo i gcomparáid le figiúirí réamhphaindéimeach.
“Táimid ag súil le samhradh gnóthach le 33 cinn scríbe chuig 11 tír ar fáil ón tSionainn ar fud na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe agus an Eoraip. Áiríonn ár sceideal samhraidh sé cinn scríbe nua agus minicíochtaí seachtainiúla méadaithe ar 11 bhealach, ag soláthar breis agus 370,000 suíochán breise dár gcustaiméirí."
Anuraidh, chuir Aerfort na Sionainne fáilte roimh os cionn 1.51 milliún paisinéir chuig an aerfort, méadú 300% ar fhigiúirí 2021, agus aisghabháil 88% ar leibhéil phaisinéirí 2019.
"Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár bpaisinéirí go léir as a dtacaíocht leanúnach, agus táimid ag tnúth lena dturas a dhéanamh tríd an aerfort chomh héasca agus is féidir agus iad ag tosú ar a gcuid taistil," a dúirt Mary.