Ardú faighte ag céatadán scolairí a rinne a dtorthaí a athsheiceáil


Beidh iarrthóirí ábalta cinntiú cé acu bhfuair siad uasghrádú nó nach bhfuair ó 11am Dé hAoine
Léiríonn figiúirí úra gur méadaíodh faoi bhun 25 faoin gcéad de thorthaí na hArdteistiméireachta i ndiaidh athsheiceáil a dhéanamh orthu i mbliana.
Beidh iarrthóirí ábalta cinntiú cé acu an bhfuair siad uasghrádú nó nach bhfuair ó 11am Dé hAoine.
Rinne díreach os cionn 6,100 iarrthóir beagnach 11,650 toradh a athsheiceáil agus astu seo, rinneadh uasghrádú ar 2,729 acu, nó díreach faoi bhun 24 faoin gcéad, de réir alt san Irish Times.